Mo chreach!
" A Dhaid cá huair a thit tú i ngrá den chéad uair?" arsa m'iníon liom.
Arsa mise," Bhí mé ocht mbliana déag d'aois. Shiúil mé isteach i mbeár agus chonaic mé an cailín fionn ab áille dá bhfaca mé riamh. Scaoil Cúipid a shaighead an soicind a leag mé súil uirthi."
"Cad é a tharla mar sin?" arsa m'iníon.
"A dhath ar bith. Ar an drochuair domhsa chuaigh an saighead amú agus bhuail sé do mháthair." arsa mise.
Posted Mar 10, 2026, 11:20 AM UTC
302